Transcript sraith 15
Sraith 15 Ag toghadh scoláire na bliana Pic 1 1. Tá an sraith seo bunaithe ar toghachán ar scoil. 2. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phictiúr le nóta tábhachtach ar an gclár dubh. 3. Níl aon dabht ach go bhfuil na daltaí ag toghadh scolaire na bliana. 4. Caitheann na daltaí go léir éadaí scoile agus tá an múinteoir gléasta go proifisiúnta. 5. Míníonn an múinteoir na tréithe atá ag teastáil ón mbuatóir. Pic 2 1. Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le na daltaí ag caitheamh a gcuid vótaí. 2. Feictear an múinteoir ag seasamh in aice leis an mbosca vótála. 3. Tá fógra ar an mbosca a deireann ‘vótaí anseo’. 4. Níl aon amhras ag go bhfuil cuma sásta ar na daltaí mar faigheann siad sos ón rang. 5. Is léir go bhfuil lúchair an domhain orthu leis an vótáil. Pic 3 1. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa phictiúr seo. 2. Feicimid an múinteoir ranga agus cathaoirleach an bhoird bhainistíochta san oifig. 3. Tá siad chun na vótaí a comhaireamh. Is cinnte go bhfuil an comhaireamh anthábhachtach agus beidh siad ag obair go cúramach. 4. Tá a lán vótaí le comhaireamh acu. 5. Folmhaíonn an fear an bosca vótála anuas ar an mbord. Pic 4 1. Leanann an scéal ar aghaidh sa halla I bpic 4. 2. Tá chuile dhuine sa halla chun na torthaí a fháil. 3. Is léir go bhfuil an halla dubh le daoine. 4. Feictear an príomhoide ag barr an halla ar stáitse ag labhairt le na daltaí. 5. Tá gach duine ar bís chun fáil amach cé a bhuaigh an corn atá ar an stáitse. Pic 5 1. Leathnaítear an scéal i bpic a 5 leis an bpríomhoide, an chathaoirleach agus an múinteoir ranga os comhair na daltaí. 2. Fógraíonn sí gur bhuaigh Sandra Ní Cheallaigh an gradam. 3. Casann gach dalta timpeall chun Sandra a fheiceáil. 4. Tugann Cathaoirleach ón mbord cuireadh di teacht aníos ar an stáitse chun an corn a bhailiú. 5. Pléascann an halla amach ag bualadh bos. 6. Is cinnte go bhfuil gach duine lán le brod dá gcara scoile. Pic 6 1. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. 2. Feictear lúchair an domhain ar Sandra nuair a ghlacann sí leis an gcorn. 3. De réir cosúlachta tá ionadh an domhain uirthi an gradam a bhuachaint. 4. Deir an cathaoirleach léi go bhfuil sé tuillte go maith aici toisc a dea-iompar. 5. Déanann gach duine comhghairdeas léi. 6. Is dócha go mbeidh cuimhní na heachtra seo greannta ina hintinn le blianta fada. Ceisteanna 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8. Cad atá scríofa ar an gclár dubh I bpic 1? Cé a bhuaigh an corn? Cén oifig atá le feiceáil I bpic 3? Cé mhéad dalta atá le feiceáil I bpic 1? Cad a bhí á dhéanamh acu I bpic 2? Cén fáth a bhuaigh Sandra an gradam? Conas a mhothaigh Sandra an dóigh leat? Cad atá ag na múinteoirí I bpic a 3?